|
Bunreacht Na hÉireani
[...]
An Stát
Airteagal 4
Éire is ainm don Stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland.
[...]
Airteagal 8
1 Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil
í.
2 Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.
3 Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga
sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla
ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.
[...]
Seanad Éireann
Airteagal 18
1 Seasca comhalta líon Sheanad Éireann, .i. aon duine dhéag a ainmneofar
agus naonúr is daichead a thoghfar.
2 Ionas go mbeadh duine inghlactha ar chomhaltas Sheanad Éireann ní foláir
é a bheith inghlactha ar chomhaltas Dháil Éireann.
[...]
7 1° Roimh gach olltoghchán do na comhaltaí do Sheanad Éireann a thoghfar
as rollaí d'iarrthóirí cóireofar ar an gcuma a shocrófar le dlí cúig rolla
d'iarrthóirí ar a mbeidh ainmneacha daoine ag a mbeidh eolas agus cleachtadh
ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo a leanas faoi seach:
i. An Ghaeilge agus an tSaíocht Náisiúnta, Litríocht, Ealaíonacht, Oideachas
agus cibé gairmeacha a léireofar le dlí chun críche an rolla seo;
ii. Talmhaíocht, maille le gnóthaí a bhaineas léi, agus lascaireacht;
iii. Oibreachas, cibé comheagraithe é nó nach ea;
[...]
Airteagal 25
1 Chomh luath agus a ritear Bille, seachas Bille a luaitear a bheith ina
Bhille a bhfuil togra ann chun an Bunreacht seo a leasú, nó a mheastar
é a bheith rite ag dhá Theach an Oireachtais, ní foláir don Taoiseach
an Bille sin a thairiscint don Uachtarán chun a lámh a chur leis agus
chun é a fhógairt ina dhlí de réir forálacha an Airteagal seo.
2 1° Taobh amuigh de chás dá socraítear a mhalairt leis an mBunreacht
seo, gach Bille a thairgtear don Uachtarán mar sin chun a lámh a chur
leis agus chun é a fhógairt ina dhlí, ní foláir dó a lámh a chur leis
lá nach luaithe ná an cúigiú lá agus nach déanaí ná an seachtú lá tar
éis an lae a thairgtear an Bille dó.
2º Ar achainí an Rialtais, le comhthoil Sheanad Éireann roimh ré, tig
leis an Uachtarán a lámh a chur le haon Bhille is siocair don achainí
sin níos luaithe ná an cúigiú lá tar éis an dáta réamhráite.
3 Gach Bille a ndearnadh an tréimhse chun a bhreithnithe ag Seanad Éireann
a ghiorrú faoi Airteagal 24 den Bhunreacht seo, ní foláir don Uachtarán
a lámh a chur leis an lá a thairgtear an Bille sin dó chun é a shíniú
agus chun é a fhógairt ina dhlí.
4 1º Déanann dlí de gach Bille an lá a chuireann an tUachtarán a lámh
leis faoin mBunreacht seo agus is dlí é an lá sin agus ón lá sin amach
agus, mura léir a mhalairt d'intinn ina thaobh, is é an lá sin a thagann
sé i ngníomh.
2º Gach Bille a geuireann an tUachtarán a lámh leis faoin mBunreacht seo
ní foláir dó é a fhógairt ina dhlí le fógra san Iris Oifigiúil, faoi ordú
uaidh, á rá go bhfuil an Bille ina dhlí.
3º Is é téacs de Bhille a gcuirfidh an tUachtarán a lámh leis ná an téacs
a ritheadh nó a mheastar a ritheadh ag dhá Theach an Oireachtais agus,
má ritear Bille nó má mheastar é a bheith rite amhlaidh sa dá theanga
oifigiúla, cuirfidh an tUachtarán a lámh le téacs Gaeilge agus le téacs
Sacs-Bhéarla an Bhille.
4º I geás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na
teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ni foláir tiontú oifigiúil
a chur amach sa teanga oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile.
5º Chomh luath agus is féidir é tar éis Bille a shiniú agus é a fhógairt
ina dhlí, ní foláir an téacs den dlí sin lena mheidh lámh an Uachtaráin
nó, i geas lámh an Uachtaráin a bheith le teacs Gaeilge agus le téacs
Sacs-Bhéarla an dlí sin, an dá théacs sínithe sin a chur isteach ina iris
nó ina n-iris in oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí, agus is fianaise
dhochloíte ar fhorálacha an dlí sin an téacs a chuirfear isteach ina iris,
nó an dá théacs a chuirfear isteach ina n-iris, amhlaid.
6º I geás téacs Gaeilge agus téacs Saes-Bhéarla de dhlí a chur isteach
ina n-iris faoin alt seo agus gan an dá théacs sin a bheith de réir a
chéile, is ag an téacs Gaeilge a bheidh an forlámhas.
5 1º Is dleathach don Taoiseach a thabhairt, ó am go ham faoi mar a chífear
dó gá a bheith leis, go ndéanfar téacs (sa Ghaelige agus sa Sacs-Bhéarla)
den Bhunreacht seo, mar a bheidh i bhfeidhm an tráth sin agus ina mbeidh
na leasuithe uile a bheidh déanta air go dtí sin, a ullmhú faoina threorú.
2º Gach téacs a ullmhófar amhlaidh ní foláir don Uachtarán a lámh a chur
le cóip de ar bheith fíoraithe di le sínithe an Taoisigh agus an Phríomh-Bhreithimh,
agus ní foláir an chóip sin a chur isteach ina hiris in oifig Iriseoir
na Cúirte Uachtaraí.
3º An chóip a bheidh sínithe agus curtha isteach ina hiris amhlaidh agus
arb í an téacs is deireanaí, arna ullmhú amhlaidh, in alt na huaire í,
beidh sí, ar bheith curtha isteach ina hiris dis amhlaidh, ina fianaise
dhochloíte ar an mBunreacht seo mar a bheidh ar dháta an chóip sin a chur
isteach ina hiris amhlaidh agus, chuige sin, gabhfaidh sí ionad na dtéacsanna
uile den Bhunreacht seo a mbeidh cóipeanna díobh curtha isteach ina n-iris
amhlaidh roimhe sin.
4º I geás gan na téacsanna d'aon chóip áirithe den Bhunreacht seo a bheidh
curtha isteach ina hiris faoin alt seo a bheith de réir a chéile, is ag
an téacs Gaeilge a-bheidh an forlámhas.
[...]
i. An téacs seo den Bhunreacht is cóip é den téacs a ullmhaíodh de réir
Airteagal 25 agus a cuireadh isteach ina iris in Oifig Iriseoir na Cúirte
Uachtaraí an 23 Márta, 1990, ach litriú caighdeánach a bheith ar an téacs
Gaeilge ach amháin go bhfuil na Forálacha Sealadacha, Airteagail 51 go
63 go huile, fágtha as an téacs oifigiúil seo de réir téarmaí Aisteagail
51 agus 52. Tá ann na leasuithe uile a rinne an tOireachtas roimh an dáta
a cuireadh isteach ina iris él Rinneadh na leasuithe sin leis na hAchtanna
atá leagtha amach anseo thíos.
|